Cóiréach
Téigh 2 spúnóg bhoird den ola i bpanna beag ar theas íseal, cuir an chunjang isteach agus frioch ar feadh 3 nóiméad í, á corraí an t-am ar fad, go dtí go mbeidh boladh cumhra uaithi; cuir i leataobh í lena hola.
Téigh an chuid eile den ola i woc nó i bpanna mór ar mheántheas ard agus frioch an mhuiceoil ar feadh 4 nóiméad go dtí go mbeidh sí donnaithe.
Cuir an práta isteach agus frioch ar feadh 3 nóiméad, ansin cuir na hoinniúin agus an cúirséad isteach agus frioch ar feadh 4 nóiméad eile, go dtí go mbogfaidh na hoinniúin.
Measc an chunjang friochta agus an siúcra isteach, doirt an t-uisce isteach, tabhair chun fiuchta é agus suanbhruith ar feadh 10 nóiméad go dtí go mbeidh an práta bog.
Corraigh an meascán stáirse, doirt isteach san anlann é agus cócaráil ar feadh 1-2 nóiméad, á chorraí, go dtí go mbeidh sé tiubh agus snasta.
Idir an dá linn, bruith na núdail i neart uisce ar feadh 4-5 nóiméad, sil iad, sruthlaigh go gasta in uisce te iad agus roinn idir 4 bhabhla iad.
Cuir an t-anlann ar na núdail le ladar agus cuir stiallacha cúcamair ar a mbarr; measc go maith roimh ithe.