Meicsiceach
Cuir an sicín, leath den oinniún, 1 ionga gairleoige, 1 taespúnóg den salann agus an t-uisce i bpota, tabhair chun suanbhruite é agus cócaráil ar feadh 35 nóiméad; tóg amach an sicín, síothlaigh an brat agus coinnigh 1 l de.
Idir an dá linn, téigh 2 spúnóg bhoird den bhlonag i bhfriochtán agus frioch na cillí ar feadh cúpla soicind ar gach taobh go dtí go mbolgann siad, ansin cuir ar maos iad i 500 ml den bhrat te ar feadh 20 nóiméad.
Sa bhfriochtán céanna, frioch na halmóinní, 2 spúnóg bhoird de na síolta seasaman, na rísíní, an tortilla stróicthe agus na spíosraí ar feadh 2-3 nóiméad, á gcorraí, ansin dóigh an tráta, an chuid eile den oinniún agus an ghairleog.
Leachtaigh na cillí lena mbrat maosaithe, na comhábhair friochta, an tráta, an t-oinniún agus an ghairleog go dtí go bhfuil siad an-mhín, ina mbaisceanna más gá.
Téigh an chuid eile den bhlonag i bpota trom, doirt isteach an t-anlann (spréachfaidh sé) agus frioch é ar feadh 5 nóiméad, á chorraí, ansin cuir isteach an tseacláid, an chuid eile den bhrat agus an salann agus suanbhruith ar feadh 30 nóiméad go dtí go bhfuil sé tiubh a dhóthain chun spúnóg a chlúdach.
Cuir an sicín leis an mole agus suanbhruith ar feadh 10 nóiméad eile.
Riar é agus an chuid eile de na síolta seasaman tóstáilte croite air, le rís agus tortillas arbhair te.