Indinéiseach
Meil an mhairteoil i bpróiseálaí bia le 4 ionga gairleoige, le leath an tsalainn, le 1 taespúnóg den phiobar, leis an ngealacán uibhe agus leis an uisce oighreata go dtí go mbeidh sí mín, ansin oibrigh an stáirse tapióca isteach.
Tabhair an stoc chun suanfhiuchta; le lámha fliucha fáisc an meascán trí do dhorn ina liathróidí 3 cm agus scaoil isteach i bpota uisce te iad, uisce nach bhfuil ag fiuchadh.
Cócaráil na liathróidí feola go dtí go snámhfaidh siad, thart ar 10 nóiméad, ansin tóg isteach sa stoc iad.
Slisnigh na seallóidí agus an chuid eile den ghairleog agus frioch iad san ola ar feadh 4-5 nóiméad go dtí go mbeidh siad órga; cuir leath díobh leis an stoc agus coinnigh an chuid eile le haghaidh maisiúcháin.
Séasúraigh an stoc leis an gcuid eile den salann agus den phiobar agus suanfhiuch na liathróidí feola ann ar feadh 15 nóiméad.
Maothaigh an veirmisilí in uisce te ar feadh 5 nóiméad agus bruith na núdail uibhe ar feadh 4 nóiméad; sil iad araon. Blanseáil an bok choy sa stoc ar feadh 1 nóiméad.
Roinn na núdail agus an bok choy idir na babhlaí, cuir na liathróidí feola agus an stoc te leo, agus cuir duilleoga soilire, oinniúin earraigh agus seallóidí friochta ar a mbarr.